Eolas
Struchtúir
Feidhmíonn gach BFC mar chuideachta aonair a ndéantar a gníomhaíochtaí ar bonn comhaontú oibriúcháin idir an Bord agus an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta. An Státchiste, le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, a chuireann formhór an mhaoiniúcháin ar fáil do na BFCanna.
Tá comhdhéanamh gach Boird leagtha amach ina Mheamran agus Airgeagail Comhlachais agus tá sé leagtha amach chun ionadaíocht leathan an phobail a chinntiú. Ar Bhoird de ghnáth bíonn ionadaithe ó FÁS, ó na Comhairlí áitiúla Contae agus Cathrach, ó Fhiontraíocht Éireann, ó IBEC, ó Údaráis Turasóireachta, ó Cheardchumainn agus ón earnáil phríobháideach. Ba chóir a thabhairt faoi deara go gcuireann baill na mBord na seirbhísí ar fáil go deonach gan phá. Príomhfheidhm an Bhoird is ea cinneadh a dhéanamh faoi leibhéal agus cineál na tacaíochta a cuirfear ar fáil i gcásanna aonair bunaithe ar inmharthanacht na gcásanna sin.
Bíonn cúnamh le fáil ag gach Bord ó Choiste Measúnachta, a dhéanann moltaí faoin gcineál, nó leibhéal, is cuí tacaíochta do thionscadail. De ghnáth, ar na Choistí Measúnachta bíonn daoine gairmiúla áitiúla a bhfuil saineolas baincéireachta agus cuntasaíochta acu agus a bhfuil taithí acu ar anailísiú costéifeachtúil tionscadail agus a bhfuil cur amach acu ar chúinsí agus riachtanais áitiúla a imríonn tionchar ar thograí nua gnó a thagann chun cinn. Arís eile, cuirtear seirbhísí na gCoistí sin ar fáil go deonach gan phá.
Bíonn cúnamh, freisin, ag an mBord ó CEO agus ó roinnt ball foirne tacaíochta. De ghnáth, bíonn CEO, le cúnamh 3 nó 4 bhall foirne, ag gach BFC. 145 ball foirne atá fostaithe sna 53 Bord i láthair na huaire. Bíonn an CEO agus an fhoireann aige/aici freagrach, faoi stiúir an Bhoird, as córas na dtacaíochtaí áitiúla agus leithrannta gaolmhara buiséid a riaradh. Déantar na feidhmeanna sin faoi réir na bprionsabal ginearálta agus na dtreoirlínte a leagtar síos sa chomhaontú oibriúcháin idir an BFC sin agus an Roinn. Leagann an comhaontú oibriúcháin amach na cúinsí ginearálta feidhmiúcháin don BFC mar aon leis na cuspóirí agus an bealach inar féidir iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón BFC.
Cuireann na struchtúir sin leibhéal ard solúbthachta ar fáil agus tógann siad ar chumas na mBord leas a bhaint as eolas agus fuinneamh áitiúil. Cinntíonn sé sin, ansin, go réitíonn pleananna agus gníomhartha na BFCanna go maith le riachtanais agus le héilimh na ngeilleagar áitiúil.