Eolas
Faoinsí Maoiniúcháin
Is faoin bPlean Forbartha Náisiúnta (NDP) a chuirtear na tacaíochta a thairgeann na BFCanna ar fáil. Is éard atá in idirghabháil roghnach airgeadais agus i gcláir forbartha cumais/fiontraíochta de chuid na BFCanna ná na Bearta Micrifhiontraíochta i gCláir Oibríochtúla (OP) Réigiúnacha an Deiscirt agus an Oirthir (S&E) agus na Teorann, Lárthíre agus Iarthair (BMW), cláir a bunaíodh faoi Phlean Forbartha Náisiúnta 2000 - 2006.
Faoin NDP, déantar na BFCanna a mhaoiniú go príomha ón Státchiste le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa. Bíonn leibhéil éagsúla tacaíochta AE ar fáil i réigiún an BMW agus an S&E. Tá leibhéal mhaoiniúchán an AE ag laghdú sa dá réigiún, áfach, de réir fhorálacha an NDP. Meastar gurb é an Státchiste a dhéanfaidh maoiniú iomlán ar na BFCanna i ndiaidh 2006.