Eolas
Feidhmeanna
Is € feidhm reachtúil na BFCanna ná gníomhaíocht eacnamaíoch agus fiontraíochta a spreagadh ag leibhéal cathrach/contae agus poitéinseal na fiontraíochta áitiúla in earnáil na micrifhiontar a fhorbairt. Tugann na BFCanna faoi leas a bhaint as comhiarracht i raon leathan an phobail áitiúil chun geilleagair láidre agus sheasmhacha a chothú. Sa chaoi sin, is féidir fás san fhostaíocht agus sa rachamas mar aon le hiomaíocht níos géire a sheachadadh ag leibhéal áitiúil. D'fhonn a gcuspóirí a bhaint amach, tá raon ionstraimí tacaíochtaar fáil do BFCanna chun cuidiú le tograí inmharthana a bhaineann le gnó a bhunú nó a leathnú.